School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (roll number 10165)

Location:
Glenties, Co. Donegal
Teacher:
An tSr. M. Deuglán
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 16

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1051, Page 16

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí
  2. XML Page 16
  3. XML “Tomhasanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Comh bán le sneachta, comh glás le féar, comh dearg le fuil, is comh dubh le súithéche? Sméar-dubh.
    Deireagan, deireagan buail an bál dubh í. Teine.
    Tuithte, tuithte taobh amuigh dé’n calidhe, tuithte tuithte taobh istuigh dé’n claidhe, má bhaineann tú de tuithte baineadh tuithte duit? Corr-faidhe.
    Nuair a bhíonn sé ag dúl ar shiubhal bíonn a aghaidh ar an bhaile agus nuair a bhíonn sé ag teacht abhaile bíonn a chúl ar an bhaile? Cruth-capall.
    Ceathar ar rith, ceathar ar crith, beirt ag déanamh ólais agus robín ar deireadh? An bhó.
    Droichead ar loch gan maide gan cloch? Leac-oidhre.
    Goide’n taobh dé’n cúpa a bhfuil an chluas air? An taobh amuigh.
    Cá mhéud gob a bhuaileas cearc ar an úrlar nuair bhíos sí ag ithe deiche grainín coirce? Aon gob amháin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. riddles (~7,209)
    Language
    Irish
    Collector
    Feidhlmína Ní Bhreasláin
    Gender
    Female