School: Scoil an Chlochair, Na Gleanntaí (roll number 10165)
- Location:
- Glenties, Co. Donegal
- Teacher: An tSr. M. Deuglán
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tuiteann oidhche shamhna gach bhliadhain ar an 31adh dé mhí Deireadh Foghmhair. Sean fhéile paganach iseadh é. An oidhche seo bíonn féasta mór ag gach duine. Ins an t-sean am bíodh arán preataí agus brughtín deanta ag gach duine. In áit tae a bheith acu ins a tráthnóna bhéadh brughtín acu agus bhéadh an t-arán preataí acu ag an fheasta.
Ins an ám atá i láthair ní bhíonn rud ar bith mar sin acu ag an fhéasta. Bíonn ubhlaí, oráistí, cnódha agus bairighín breac acu ag an fhéasta. Nuair a bhíonn an féasta thart bíonn siad ag imirt cleas. Seo cleas amháin. Cuirtear cúig sáiseár ar an tábla agus cuirtear crí i gceann amháin acu, fainne i gceann eaile, crois ins an treas ceann, uisge ins an ceatharadh, agus mearachán ins an cúigeadh ceann. Cuirtear puthóg ar aghaidh duine amháin agus cuireann sí a lámh isteach i gceann dé na saiseár. Má chuireann sí a lámh isteach ins an sáisear a bhfuil an t-uisge ann rachaidh sé thar sáile, roimh(continues on next page)- Collector
- Úna Ní Mhaoláin
- Gender
- Female