Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Donegal
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 202
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)“A ingheán Ó”, “an bhfaca tú iongantas ar bith indiú?”
“Ní fhaca mé dadaidh”, a mháthair, ar sise, ach an t-anas agus an t-ocras, agus ní rachaidh mise chnuic níos mó”. Agus níl fhios agam caidé’n dóigh a bhfuil an dilleachta giorrsaighe beo ar chor ar bith ins an chnoc agus an t-anas atá sí ag fághail. Is Cuma díthe, ar sise, caidé,n t-anas atá sí ag fághail, dearc ar an cailín bréagh atá inntí le bhur dtaoibh-se. Arsa sise, leis an triomhadh inghean, ”caithfidh tusa dhul na chnuic go bhfeicfidh tú an seórt saoghail atá ann”.
D’imthigh siad leobhtha agus ní rabh siad an-fhada sa chnoc go dtí gur thuit sise in a codladh fosda. Caisé bhí uirthi-se ach ceithre súla agus d’fhan dhá shúil aca fosgailte agus chonnaic sí an uile sheort a bhí ag dul eadar an dilleachta agus an chaora dhubh. Nuair a tháinig siad a bhaile tráthnóna d’fiafruigh an mháthair díthe an bhfaca sí iongantas ar bith sa chnoc indiu. Chonnaic mé oiread, ar sise, ionnas nach bhfuil iongantas do’n dilleachta seo a bheith ar a cailín(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Donegal