Scoil: Lougheraherk (uimhir rolla 12118)
- Suíomh:
- Loch Dhoire Thoirc, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Máire Nic Ceannfhaola
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Lougheraherk
- XML Leathanach 201
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí fear ann fad ó shoin agus phós sé bean. Ní rabh an bhean seo aige ach bliadhain go bhfuair sí bás agus d'fhág sí páiste giorrsaighe in a diaidh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)aca a dul abhaile, bhí an bhean a bhí in a codladh le musgladh aicí agus í chor-a-bheith fleaichte. Nuair a tháinig siad abhaile d’fiafruigh an mháthair díthe: “A inghean Ó! an bhfaca tú iongantas ar bith indiú?”
Ní fhaca mise a dhath, a mháthair, ar sise, ach an t-anas agus an t-ocras agus ní rachaidh mé ‘na chnuic níos mó.
Lathair - na bharach d’iarr sí ar bean eile aca a dhul leithe ‘na chnuic. D’imthigh siad leobhtha agus ní rabh siad i bhfad sa chnoc go dtí gur thuit sí seo in a codladh fosda. Nuair a fuair an chaora dhubh í seo in a codladh tháinig sí leis an éadach, spréidh sí é mar rinne sí gach iarraidh roimhe sin, tháinig gach uile chineal bidh air agus d’ith agus d’ól an dilleachta a sáith. Chruinnigh an chaora dhubh an t-éadach agus d’imthigh sí leithe suas an cnoc mar rinne sí gach uair roimhe sin. Nuair a bhí sé i n-am aca dhul abhaile bhí an bhean a bhí in a codladh le musgladh agus í cor a bheith caillte. Nuair a tháinig siad abhaile, d’fhiafruigh an mháthair díthe,(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Nic Ceannfhaola
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Pádraig Mac Giolla Easbuig
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 70
- Seoladh
- Mín na Saileach, Co. Dhún na nGall