School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 207

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 207

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 207
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh.

    (continued from previous page)
    Dó fhear an bhainc agus d’iarr air airgead an Mhinistir a thabhairt dó. D’iarr sé ar fhear a bhainc trí céad punt a thabhairt dó, dá chéad seacht is notha punt i notaí agus trí punt i feoirlíneacha. Rinne fear a bhainc an rud a h-iarradh air agus thug sé an t-airgead dó Micheál. Rinne sé na dhá chéad seacht is notha punt suas go deas agus chuir sé. é taobh istigh de a chuid cudaigh ar a dhruim agus chuir sé na feoirlíneacha isteach i mála agus chuir sé an mala i bpóca mór a bhí in a chóta agus shín leis ag tarraingt ar an bhaile. Ar a bhealach ‘na bhaile dó i n-áit uaigneach ar an ród casadh gaduidhe air agus é ag marcuidheacht ar chapall bréagh láidir. Tharraingt an gaduidhe suas é agus d’iarr air an t-airgead uilig a thabhairt dó agus dubhairt sé fosda go sgaoilfeadh sé é muna ndeanad sé
    Chuir Micheál a lámh i bpóca agus tharraing sé amach an mála mór feoirlíneach as a phóca agus chaith sé síos leis an fhanaigh. Léim an gaduidhe ó’n chapall agus é cinnte gurabh é sin an t-airgead uilig bhí an mála comh mór sin agus rith sé indiaidh an mála. Nuair a bhí sé as amharc léim Micheál anuas ó’n chapall féin agus chuaidh sé a marcuidheacht ar an chapall láidir a bhí ag an gaduidhe agus d’fhág a chapall féin ag an gaduidhe agus is go bráth leis
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Seaghán O hEigheartaigh
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Largymore, Co. Donegal