Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 207
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí Ministir 'na comhnuidhe ins na Cealla Beaga tá céad bliadhain ó shoin agus bhí buachall aimsire aige darbh ainm dó Micheál Dubh.”
(ar lean ón leathanach roimhe)Dó fhear an bhainc agus d’iarr air airgead an Mhinistir a thabhairt dó. D’iarr sé ar fhear a bhainc trí céad punt a thabhairt dó, dá chéad seacht is notha punt i notaí agus trí punt i feoirlíneacha. Rinne fear a bhainc an rud a h-iarradh air agus thug sé an t-airgead dó Micheál. Rinne sé na dhá chéad seacht is notha punt suas go deas agus chuir sé. é taobh istigh de a chuid cudaigh ar a dhruim agus chuir sé na feoirlíneacha isteach i mála agus chuir sé an mala i bpóca mór a bhí in a chóta agus shín leis ag tarraingt ar an bhaile. Ar a bhealach ‘na bhaile dó i n-áit uaigneach ar an ród casadh gaduidhe air agus é ag marcuidheacht ar chapall bréagh láidir. Tharraingt an gaduidhe suas é agus d’iarr air an t-airgead uilig a thabhairt dó agus dubhairt sé fosda go sgaoilfeadh sé é muna ndeanad sé
Chuir Micheál a lámh i bpóca agus tharraing sé amach an mála mór feoirlíneach as a phóca agus chaith sé síos leis an fhanaigh. Léim an gaduidhe ó’n chapall agus é cinnte gurabh é sin an t-airgead uilig bhí an mála comh mór sin agus rith sé indiaidh an mála. Nuair a bhí sé as amharc léim Micheál anuas ó’n chapall féin agus chuaidh sé a marcuidheacht ar an chapall láidir a bhí ag an gaduidhe agus d’fhág a chapall féin ag an gaduidhe agus is go bráth leis(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seaghán O hEigheartaigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13
- Seoladh
- An Leargaidh Mhór, Co. Dhún na nGall