School: Sealbhuidhe (roll number 16045)

Location:
Shalwy, Co. Donegal
Teacher:
Pádraig M. Mac Seághain
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 147

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1042, Page 147

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Sealbhuidhe
  2. XML Page 147
  3. XML “Tithe na Seanaimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bhárr na créafóige agus teine deánta acú ar bhárr na gcloch. Bhíodh na cúplaí deánta de ghiotaí darach a gheibheadh siad sna portaigh agus bhíodh na creatacha agus na taobháin deánta de ghiúmhais. Bhíodh seraithe os cionn na creata acú agus bhíodh sé clúdaighe le feaga ar bharr na seraith. Bhíodh na súgain deánta de fiastalach agus na crosága deánta de ghiúmhaise.
    Ní bhíodh táblaí nó cathaoirreacha ar bith acú ach bhíodh siad na suidhe ar giotaí bun crainn agus bhíodh tábla acú deánta de giota mór giúmhaise. Bhíodh rud deánta de chochán ag cuid acú le suidhe air agus ciseán an t-ainm a bhéarfadh siad air.
    Ní bhíodh soithigh ar bith acú fad ó shoin ach rudaí deánta de ádhmuid. Bhí rud acú ar a n-óladh siad an bainne as agus “gugán an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú cosamhail le tobann beag. Bhí sé fa choinne an bainne a chruinnuighadh ann. “Pigín” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú leis na ba a bhlighe nó le uisce a iomchur ann. “Stópa” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú leis an bhláth a thógáil ó’n chuinneóig. “Copán” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Ní rabh cloig ar bith acú sna toighthe sa t-sean am ach d’aithneochadh
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. residential buildings (~2,723)
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Eigheartaigh
    Gender
    Female
    Age
    12
    Address
    An Chruach Bheag, Co. Donegal