Scoil: Sealbhuidhe (uimhir rolla 16045)
- Suíomh:
- Na Sealbha, Co. Dhún na nGall
- Múinteoir: Pádraig M. Mac Seághain
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Sealbhuidhe
- XML Leathanach 147
- XML “Tithe na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bhárr na créafóige agus teine deánta acú ar bhárr na gcloch. Bhíodh na cúplaí deánta de ghiotaí darach a gheibheadh siad sna portaigh agus bhíodh na creatacha agus na taobháin deánta de ghiúmhais. Bhíodh seraithe os cionn na creata acú agus bhíodh sé clúdaighe le feaga ar bharr na seraith. Bhíodh na súgain deánta de fiastalach agus na crosága deánta de ghiúmhaise.
Ní bhíodh táblaí nó cathaoirreacha ar bith acú ach bhíodh siad na suidhe ar giotaí bun crainn agus bhíodh tábla acú deánta de giota mór giúmhaise. Bhíodh rud deánta de chochán ag cuid acú le suidhe air agus ciseán an t-ainm a bhéarfadh siad air.
Ní bhíodh soithigh ar bith acú fad ó shoin ach rudaí deánta de ádhmuid. Bhí rud acú ar a n-óladh siad an bainne as agus “gugán an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú cosamhail le tobann beag. Bhí sé fa choinne an bainne a chruinnuighadh ann. “Pigín” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú leis na ba a bhlighe nó le uisce a iomchur ann. “Stópa” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Bhí rud eile acú leis an bhláth a thógáil ó’n chuinneóig. “Copán” an t-ainm a bhéarfadh siad air. Ní rabh cloig ar bith acú sna toighthe sa t-sean am ach d’aithneochadh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Cáit Ní Eigheartaigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 12
- Seoladh
- An Chruach Bheag, Co. Dhún na nGall