Lá an phósta nuair a tháinig sé as teach an phobail rith sé abhaile agus bhí gé ins an phota fa choinne dinnéir na bainfheise. Thosuigh sé ag ithe na gé agus níor stad sé gur ith sé an t-iomláin dí. Bhí gé eile ‘na luighe ar neid ar thaobh an tighe. Fuair Cathal greim ar an ghé ghoir. Chuir isteach [?] sa phota í idir chluimhreacha, putógaí agus eile. Tamall na dhiaidh sin tháinig lucht an phósta agus bhí Cathal ‘na luighe ar na h-uibheacha. D’iarr na daoine air caidé bhí sé ag deanamh annsin. Arsa seisean “tá mé mo luighe i n-áit na gé a chuir mé sa phota – Ni rabh gar a bheith leis mar Cathal.
Transcribed by a member of our volunteer transcription project. History |
Edit »