School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 302

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 302

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 302
  3. XML “Cathal Amaideach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear óg ann am amháin gurbh ainm dó Cathal Amuideach. Lá amháin chuir a mháthair amach é go teach comhursan fa choinne snáthaide móire. Fuair sé an t-snáthad mhór acht nuair a bhí sé at teacht abhaile chaill sé í. Arsa a mhathair leis, “caidé ‘n fath nar chuir tú i do chuid éadaigh í”. “Dheanfaidh mé sin an chéad uair eile”, arsa Cathal. Lá in a dhiaidh sin chuaidh sé fa choinne cléithe fhuirsidhe agus bhí sé at iarraidh é a chur ‘na chuid éadaigh agus stroc sé ar fad cách. Arsa an mháthair, “caidé ‘n fáth nar chuir tú ar do ghualainn é”. “Dheanfaidh mé sin an darna uair eile˝, arsa Cathal. I gcionn tamaill eile cuireadh é fa choinne capaill agus rinne sé a sheacht ndichill an capaill a chur ar a ghuailnidh agus nuair a bhain sé an baile amach, bhí mo dhuine bocht saruighthe amach. Caidé ‘n fáth ars an mhathair nach ndeachaidh tú a mharcaigheacht air. “Dheanfaidh mé sin an tríomhadh uair eile”, arsa Cathal. Lá ‘na dhiaidh sin chuaidh sé go teach an Ríogh fa choinne tairbh. Fuair sé giota de ropa, rinne adhastar dé, chuir ar an tarbh é agus chuaidh sé suas ar a dhruim ag marcaigheacht air agus nuair a bhí sé ós coinne arus an Ríogh, thosuigh an tarbh ag léimnigh agus ag rith. Chonnaic nighean an Ríogh é agus bhris racht gáiridhe uirthe. Bhí an nighean seo bodhar agus nuair a rinne sí gáire léigheasadh í. Gheall a h-athair go dtabharfadh sé í do’n chéad fhear a bhaineadh gaire aistí, agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1696: “What Should I have Said (Done)?”
    Language
    Irish