School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ardara, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside

Filter stories

Back
/ 339 Forward
Resolution: Low | High
Scéal fá Bhulaí

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 300

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

Am amháin bhí bullaidhe ag siúbhal thart ar fud na tíre ag cuardughadh [troda?]. Ní rabh a’n tríomhadh baile a chasfaidhe dó nar chuir sé bamhta troda ortha. Thainig sé isteach i dteach i mBaile na Brocaighe. D’iarr sé troid a chur ar fear an tighe. Ní rabh an fear abalta troid a chur air acht d’iarr sé ar an bhullaí dhul suas go Baile na h-Áithche agus go bhfuigheadh sé sean duine ‘na shuidhe ar chaithir cois na teineadh agus dá dtroideadh sé an sean duine go dtabhradh sé féin cúig phunnta dó. D’imthigh sé suas go Baile na h-Áithche agus fuair sé an sean duine.

Bheannaigh sé do’n t-sean-duine agus rinneadh freagra air dá réir. D’iarr fear an tighe air, an caithir a bhí ar taoibh eile de’n teach a thabhairt leis agus suidhe. Is fearr duit éirghe agus an chaithir a fhághail agam ars an bullaí “ní éireochaidh” arsan sean duine, “go bhfeichfidh mé cé atá is fearr tusa ná mise”. Thosuigh siad ag troid. Bhí crioslach thart ar chorp a bhullaí. D’éirigh an sean duine agus fuair sé greim ar an chrioslach agus chroch sé an bullaí ar phionna a bhí ag bun an araidhe agus d’fhág sé é croctha mar sin.
Labhair an bullaí annsin agus d’iarr ar an t-sean-duine ar gheall ar Dhia é a thógail anuas de’n phionna agus dá bhfuigheadh sé síos nac gcuirfeadh sé lá amhras [?] air go brath agus go
n-imtheochadh sé go socair suaimhneach. Nuair a fuair sé a cheann leis níor bhain sé a mhéar d’á shrón go dtí gur ghlan sé braghaid a bhealaigh amach agus níor amharc sé fá dtaoibh dé throid ó’n lá sin go bhfuair sé bás.

Collector
Cáit Nic Niallghuis
Gender
female
Age
14
Address
Bracky, Co. Donegal
Informant
(name not given)
Relation
parent
Gender
female
Age
40
Address
Bracky, Co. Donegal
Language
Irish