School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 291

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 291

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 291
  3. XML “An Sasanach”
  4. XML “Scéal - An Domhan agus na Flaithis”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear ann uair amháin agus bhí se féin agus a bhean i na gcomhnuidhe san Phoinnte Luochruis. Oidhche amháin tháinig gasúr go dtí an teach. Fuair se lóisdín. Lá ar na mharach níor fhág an gasúr an teach. Níor fhág sé ar seadh seacht mbliadhna agus ar seadh na seacht mbliadhna sin bhí sé ag deanamh bógha agus saighead. Lá amháin tháinig tighearna an talaimh, thóg sé leis gach bó a bhí ins an Phoinnte. Chuaidh fear an toighe ina dhiaidh. Nuair a bhí an mhaighstir dhá lá ar shiubhal tháinig an bhean isteach agus bhuail sí an gasúr. Dubhairt sí go rabh na ba uilig ar shiubhal agus na rachadh sé ina dhiaidh. “Tá sé in-am go léor go fóil” arsa an gasúr. Chuaidh an gasúr amach go cró a bhí taobh amuigh agus thug sé amach dhá mhile bogha agus saighead. D’imthigh sé ar shiubhal go gasta.
    Fuair sé suas leis na mháighistir agus leis an tighearna talaimh ag Gleann na Gleanntach. Arsa sise leis na mhaighistir “Ar bhfearr leat troid a dheanamh nó na bo a cheapad”. Toisigh an troid. Mharbhuigh an gasúr na daoine uilig acht a mhaighistir féin. Bhí siad ag tarraingt abhaile agus dubhairt an gasúr na rachadh sé abhaile mur. Fástodhochadh an mhaighistir é. Dubhairt an mhaighistir go bhfastodhochadh. Cáidé an [?uarastal] a bheirfeas tú damh ars an gasúr. Tá an chéad chuid de gach bidh a [?ithim agus an deireadh de gach uile dighe dá n-ólaim. Maith go leór. Nuair a bhí siad ag teacht aníos sráid na Gleannta chuaidh an mhaighistir isteach agus cannuigh sé deoch. Dh’ól sé an deoch uilig. dubhairt an gasúr gur ól sé an deoch uilig agus nár rheas sé i bhfad leis an mhargadh. Níor shíl mé go rabh an oireadh sin de tart orm. D’ól mé gan smaointeach. Bhí an gasúr ag dhul ar shiubhal agus nuair a bhí sé ag fágail slán d’iarr an maighisthiar sé cá h-uair a bhfeicfeadh sé arís é. [?idhfidh tú mé ag an chat mhór ag Bun Cruitín (Bun Ciuitín no Beann Ciuitín) :- ar an taobh seo de Dhoire”- Níor tháinig an lá sin go fóil.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Collector
    Donnchadh Mac a' Ghoill
    Gender
    Male
    Age
    13
    Address
    Gleann Gheis, Co. Donegal