School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 294

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 294

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 294
  3. XML “Timidín na Luaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí gasur beag ina shuidhe ins an luaith. Timidín beag na luaithe a bhí air. Chuaidh sé amach lá amhain a choimheadh na Riabhaighe. Chuaidh sé isteach faoi chopóig agus tháinig an Riabhach thart agus d'ith sé an copóg Timidín chomh maith. Tháinig a athair a's a mháthair dhá chuartughadh. Chuala an Timidín iad agus labhair sé amach ó bholg na Riabhaighe. "Ná bhigidh mo chuartughadh nó tá mé annseo slán a feadalaigh i mbolg na bó.
    Mharbh[?] siad an Riabhach. Chaith siad amach an mhéadail mhór. Tháinig an madadh ruadh thart agus d'ith sé and mhéadail, Timidín agus eile. D'imthigh and madadh ruadh annsin. Thosaigh an Timidín ag gréafuidheacht i mbolg an mhadaidh ruaidh.
    Luigh an madadh ruadh i gcúl cloidhe agus sciog sé (d'éag). Tháinig mangaire thart. Ghearr sé an teanga as a mhadadh ruadh. Bhí punta le fhághail an uair sin ar theangaidh madaidh ruadh. Nuair a bhí an mangaire dá ghearradh labhair an Timidín agus arsa seisean "tá tú ag teacht ró comhgar do mo chluais". Nuair a chualaidh an mangaire glór an duine glach eagla é agus d'imthigh se comh ghasca agus tháinig leis na bhonna. D'fhág se an teanga agus a phaca 'na dhiaidh ag an Timidín. Thug an Timidín leis abhaile iad agus tá sé fhéin agus a mhuintir go teith saidhbir ó shoin.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0700: Tom Thumb
    Language
    Irish
    Collector
    Cáit Ní Sheibhlin
    Gender
    Female
    Age
    c. 11
    Address
    Tullycleave Beg, Co. Donegal