School: Árd an Rátha (roll number 1733 or 12242)

Location:
Ard an Rátha, Co. Donegal
Teacher:
Seán Ó Caiside
Browse
The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 1041, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Árd an Rátha
  2. XML Page 304
  3. XML “Scéal - Olann ag Fás ar Chapall”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear in a chomhnuidhe uair amháin thiar i nGleann agus bhíodh se ag deanamh póitín. D’imthigh sé oidhche agus dhá cheig phóitín leis ar dhruim bheadhathach capaill. Shiubhail sé leis go dtainig sé go Malaidh a’ Bhógaigh. Bhris an rópa a bhí idir na ceiginí ar dhruim an bheathadhaigh. Thuit ceann de na ceigíní ar an talamh agus briseadh é. Chonghbhuigh an fear greim ar an cheann eile agus tháinig sé anuas.. Shíl sé gur mhór an truaigh an póitín uilig a leighint amudha, agus luigh se síos agus d’ól sé an mhéad a bhí sé i n-innibh a ól. Annsin thuit sé thart in a chodladh. Tháinig tárt ar an chapaill agus chonnaic sé an póitín i lár an bhealaigh mhóir agus shíl sé gur uisge a bhí ann agus d’ól leis gur thuit sé agus codhluigh sé ag taobh a mhaighistir.
    Nuair a mhusgail an fear shíl sé gur marbh a bhí an capaill ag an póitín agus tharraing sé amach a sgian agus d’fheann sé an capaill. Annsin thug sé leis an ceig eile agus chuir i bhfolach é comhgarach do’n bhealach mhór ionnas nach bhfuigheadh duine ar bith é go dtiocfadh sé arais. Thug sé leis an croiceann agus díol sé é ar an Charraic.
    Annsin chuaidh sé abhaile agus chuaidh a luighe. Nuair a bhí sé tamaill na chodladh mhusgail a bhean é agus d’innis sé dó go rabh rud mór dearg ag teacht.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1911A: Horse's New Backbone
    Language
    Irish