Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mayo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)mar Naomh phatrún an cheanntair ach caithfidhe go rabh an-cháil air fadó nuair atá sé i mbéalaibh na ndaoine go fóill agus nuair a tugtar onóir dó le cuairt a thabhairt ar a thobar beannuighthe atá in-aice na cille aon Satharn i mí Lughnasa.San am abhí Naomh Gaileagán i gCill Uí Ghaileagáin bhí naomh eile i mBéal-Dearg agus bhí an bheirt an cheanamhail ar a chéile. Tá Béal-Dearg tuairim dhá mhíle déág ó Chill Uí Ghaileagáín ach mar sin fhéín chasaidís ar a chéíle gach aon t-satharn ar chnoc bheag atá taobh le Leachta Mhurchadha leath bhealaigh idir an dá áít. Shocruigh siad cloch a iomchar go bárr an chnuic sin mar cuimhneadh ar gach cuairt aqgus sul a bhfuair siad bás bhí leacht mhór ar bhárr an chnuic go dtí an lá seo tugar Leacht Satharnáin (Satharn) ar an áít sin.(leanann ar an chéad leathanach eile)