Scoil: Port Urlainn
- Suíomh:
- Port Durlainne, Co. Mhaigh Eo
- Múinteoir: Liam Breathnach
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)D'éirigheadh gach aon duine aca go moch leis an aistir a dhéanamh De Sathairn agus bhíodh siad ag cainnt agus ag comhrádh go dtéígheadh an ghrian siar, agus tá sé ráidhte gur éirigh Naomh Gailleagán dall seacht mbliadhna roimh a bháis mar go mbiodh an ghrian ina aghaidh ag teacht agus ag imtheacht dó.Tá tobar Naomh Ghaileagáin in aice na h-abhann agus tugann cuid de mhuinntir na h-áite cuairt air satharn ar bith sa Lughnasa. Téigheann siad ar a nglúna agus deireann siad paidreacha. Ár N-athair agus Sé do bheatha a Mhuire thart ar an tobar agus annsin bíonn an stáisiúin déanta aca. Aoinne atá ag eagcaoin má théigheann sé ann agus an stáisiúin a dhéanamh agus má chorruigheann an t-uisge san tobar leigheasfar é. Muna gcorruigheann an t-uisge ní bhéidh aon leigheas. Cuireadh Naomh Gaileagán ina chill féín(leanann ar an chéad leathanach eile)