School: Rusgaigh (2) (roll number 10949)

Location:
Roosky, Co. Mayo
Teacher:
Eibhlín Ní Chorraidhe

Filter stories

Back
/ 173 Forward
Resolution: Low | High
Rusgaigh (2) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0108, Page 162

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

1. Ní ceart do dhuine coscadh ar an gcomharsain uisce a fháil ón tobar. Má chuirtear cosc air, triomóidh an tobar, a deirtear.

2. Comhartha drochratha é salann a dhoirteadh.
3. Tagann mí-ádh seacht mbliana ar dhuine má tharlaíonn dó scáthán a bhriseadh.
4. Cuirfear mí-ádh air ar an aistear má chastar bean rua le duine.
5. Ní thagann séan as pósadh a dhéantar le linn na Bealtaine.
6. Ní ceart éadaí nua a chaitheamh ag dul ar sochraid duit munar chaith tú ag dul ar an Aifreann ar dtús iad.

Language
Irish

1. Nuair a bhíonn duine ag fáil bháis sa teach is ceart stop a chur le gluaiseacht an chloig, agus má bhíonn gaolta i láthair is ceart dóibh dul amach ón teach ar eagla go dtógfaidís an galar.

2. Má bhíonn uachtar ramhar le haghaidh maistrithe sa teach nuair a gheibheann duine bás is ceart an t-uachtar a chaitheamh amach agus gan a mhaistreadh ar chor ar bith.

(continues on next page)