1. Ní ceart do dhuine coscadh ar an gcomharsain uisce a fháil ón tobar. Má chuirtear cosc air, triomóidh an tobar, a deirtear. 2. Comhartha drochratha é salann a dhoirteadh. 3. Tagann mí-ádh seacht mbliana ar dhuine má tharlaíonn dó scáthán a bhriseadh. 4. Cuirfear mí-ádh air ar an aistear má chastar bean rua le duine. 5. Ní thagann séan as pósadh a dhéantar le linn na Bealtaine. 6. Ní ceart éadaí nua a chaitheamh ag dul ar sochraid duit munar chaith tú ag dul ar an Aifreann ar dtús iad.Nollaig Ó Muraíle 1. Nuair a bhíonn duine ag fáil bháis sa teach is ceart stop a chur le gluaiseacht an chloig, agus má bhíonn gaolta i láthair is ceart dóibh dul amach ón teach ar eagla go dtógfaidís an galar. 2. Má bhíonn uachtar ramhar le haghaidh maistrithe sa teach nuair a gheibheann duine bás is ceart an t-uachtar a chaitheamh amach agus gan a mhaistreadh ar chor ar bith.Nollaig Ó Muraíle