School: The Neale (B.)

Location:
Neale, Co. Mayo
Teacher:
Tomás Mac an Bháird
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 006

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0103, Page 006

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: The Neale (B.)
  2. XML Page 006
  3. XML “Seanscéalta”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ní raibh sé i bhfad ina sheasamh ann nuair d'airigh sé rud ag teacht i bhfad uaidh, acht ceárd a bhí ann acht ná daoine maithe a bhí ag dul isteach ins an lios a bhí in-aice le binn an tighe agus d'airigh sé gach fear aca ag glaodhach amach go h-árd - "Mo shrian, mo chapall agus mo dhiallaid" trí h-uair.
    Glac sé misneach agus ghlaoidh sé feín an rud céadna amach. Annsin rinne siad capall as sean sguab agus amach leó as an lios agus Seumas in éinfheacht leó. Annsin bhíoda ag imtheacht go dtáinig siad go bruach na fairrge, agus d'fhiafruigh an bhuachaill de'n Fhear bheag a bhí in aice leis cá raibheadar ag dul agus dubhairt sé, "Tá ingean Riogh na Frainnce le bheith pósta anocht agus níl aon meas sice ar an bhfear. Táimíd ag dul annsin anocht agus níl aon fhear beó in éinfheacht linn acht tú féín."
    Annsin dubhairt cheannphort na daoine maithe "Éirighigh (?) a chapalla agus gabh thart trí h-uaire." Leis sin thug siad léim ins an spéir agus tháínig siad anuas ins an bFrainnc. Nuair bhíodar ann labhair Seámus arís agus dubhairt go raibh sagart paroíste aca sa mbaile agus nach raibh sé ar a chumas Aifrin a léigheamh mar gheall ar bhiteamnach a d'innis bréaga do'n Phápa faoi agus "ba maithliom" ar seisean "a dul go dtí an aít ina raibh an Pápa ina chómhnuidhe, agus pardún a fhághail do'n sagart
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    English