School: The Neale (B.)
- Location:
- Neale, Co. Mayo
- Teacher: Tomás Mac an Bháird
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: The Neale (B.)
- XML Page 100
- XML “Scéal faoi Thaibhse”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí fear ann uair amháin agus theigheadh sé amach gach oidhche ag sgóraidheacht le na comharsanaibh, agus ní thiocfadh sé abhaile go dtí breacadh an lae. Bhí a bhean ag rád leis i gcómhruidhe go mba mhaith léiti da mbéarfadh na taidhbisc air oidhche eicínt, agus annsin ar sise "tiocfaidh tú abaile in am"
Oidhche amháin agus é ag teacht abaile glaodhadh air, stad sé agus dúbhairt duine eicínt leis "Tóg é seo" "Tóg é seo". Thóg sé agus céard 'bhí ann acht páisde óg a bhí [?]goidthe ag na taidhbhise. Níorbh fhéidir leobhtha páisde a ghoideadh gan congnamh a fhágha ó dhuine saoghalta, agus sin é an fáth a ghlaoidh sé ar an bhfear. Bhuail an fear an páisde faoi'n a chóta agus dúbhairt sé "beannacht Dé le mo leanbh agus thug sé abhaile go dtí a teach é. Nuair a ghoideann na taidhbhise páisde deirtear go gcuireann siad taidhbise i bhfuirm páisde marbh ina áit, agus sin mar a bhí an sgéal le na daoine ó nár goideadh an páisde, a(continues on next page)- Informant
- Mrs French
- Relation
- Unknown
- Gender
- Female
- Age
- 71
- Address
- Neale, Co. Mayo