Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 103

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 103

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 103
  3. XML “Naomh Íde”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Íde trosgadh ar feadh trí lá agus trí n-oidhche agus i gceann na h-aimsire sin do deineadh taidhbhreamh d'á athair ag cur i n-iúl dó gurbh é toil Dé í bheith 'na bean-riaghalta. Níor chuir sé isteach uirthi in dhiaidh sin agus deineadh bean-riaghalta dí i gclochar a bhí sa chomharsanacht. D'fhan sí san áit sin ar feadh tamaill ag cur gach duine ar a h-aithinteas ar bhóthar a leasa.
    Lá d'iarr sí mar athchuinge ar Dia áit a theasbáint dí cun cur futha ann agus do tháinig sí go Cluan (-) fé sgath Sliabh Luacra - an áit 'na bhfuil Cill Íde indiu. Nuair d'airig taoiseach na h-áite gp raibh sí ag teacht. Do tháinig sé féin agus sluagh d'á mhuintir cun fáilte do chur roimpí agus do thairg sé píosa mor talmhan dí cun mainistreach a thógaint ann. Níor glach sise uaidh amhthach ach giota beag.
    I na dhiaidh sin tháinig sluagh mór cailíní ó'n gcomharsanacht agus cuireadh clochar ar bun agus 'sé fothrach an chlochair sin áta le feiscint san áit ar a dtugtar Cill Íde anois air.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. ócáidí
      1. ócáidí (de réir trátha bliana) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge