Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)
- Suíomh:
- Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
- Múinteoir: Pádraig Ó Coileáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
- XML Leathanach 106
- XML “Scéal an Asail”
- XML “Scéal na Deilge”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)trí áit ar a dtugtar Tuar-na-Fola do chuir duine droch-inntineach na madraí ar a thóir. Do gonadh an t-asal agus d'fhág sé rian a chuid fola in-a-dhiaidh fan an chnuic. Sin é an fáth gur tugadh " Tuar-na-Fola " ar an áit. Do chuaidh an t-asal agus na madraí ar a thóir, soir ó thuaidh agus dhein an t-asal iarracht ar dhul treasna na h-abhann ( Eallachán ) D'éirigh leis acht dhág sé rian a chois ar an gcarraigh, agus táid le feisgint ann fós mar chomhartha ar an gcomhacht neamh-shaoghalta a bhí ag Naomh ÍdeAr shroisint Cluain Creidhiúil do'n asal do chonnaic Naoimh Íde an crot a bhí air, agus chuir sí a mallacht ar an áit in ar réabadh é. Tá fothrach sean-cille le feisgint fós i bparóiste " Tuar na Fola " ar a dtugadh " Cill Cnuic na Mallachta " acht tá an ainm imthighthe ar chuimhne na ndaoine anois ann.
- Lá eile bhí an t-asal ag dul idir an dá áit nuair do chuaidh dealg isteach in a chois. Tharraing Naomh Íde an dealg amach agus chuir sí 'san dtalamh í. D'fhág sí go raibh sí in a crann mór agus bhí gach dealg iompuighthe anuas i dtreó na talmhan. Bhí an crann sin le feisgint i gCill Íde suas le trí nó ceathair de bhliadhaintibh ó shoin. Annsan d'fheóig sé.