Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile (uimhir rolla 10107)

Suíomh:
Cnoc Uí Choileáin, Co. Luimnigh
Múinteoir:
Pádraig Ó Coileáin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 043

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0494, Leathanach 043

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cnoc Uí Choileáin, Mainistir na Féile
  2. XML Leathanach 043
  3. XML “Freagra Uilliam Uí Chathasaigh ar Sheamus Ó Catháin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    VI
    Is cadh deirim liom féin, cé léigheas is dhearcas na scriobh,
    Pastoríní léigheannta gur breág dó a chanadh no shuidheamh
    Is beatha na Naomh cé léir do abraid linn
    I gcionn a ceathair is a tréidh go mbeidh a dtéarma caithte go cruinn.
    VII
    Do phreabfainn go seorthach is do gheobhainn meanmnain claidheamh,
    Is do seuirfinn mo sheól ‘dir spól is sleannaibh gan mhoill,
    Do gheobhainn arm im dhóidibh is de mhór-corpaibh bhainfinn na cinn,
    Acht ar eagla streo dá ngoill (?) is fanfad go dtighid.
    VIII
    Má ghabhaim hallaí breághtha aolbhacha is baoghal gur fada go dtí
    Ba, capaill, is tréada is téarma daingean gan chíos,
    Má thagann mo ghaolta i gcéin tar maraibh mar mhaoidhis,
    Fanfad i dtaobh le Bateman ag an gCillín
    IX
    Ní bhfuil psailm ná cré dá léigheamh ag sagairt mar bhiodh,
    Ná Aifreann Dé dá scéitheamh ná carthanacht Chríost,
    Ná srathanna éisg ar gaorthaibh mara ná linn,
    Ach scamaill is spéartha le chéile ag caismirt is ag bruighean.
    X
    Ní bheidh fearann ná réim, mo léan, ag ceachtar dár mhaoidhis,
    Ná cantan ag éigsibh Gaedhilge is Eabhra ‘do scriobh.
    Carthannacht, déirc ná féile Da ndéanamh ag flathaibh mar bhiodh,
    Ná gaisge ‘ge Gaodhalaibh Dá dhéanamh ó tachtadh a gcinn.
    Ar lean. iompuig cupla leathanach eile. (48)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge