Scoil: Scoil N. Mocomóg
- Suíomh:
- An Cheapach Bhuí Mhór, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Seán Ó Macháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Tá an áit seo Dún na mBarc suidhte míle go leith síor o thuaidh o Bhaile Beanntraige agus tá cuan breágh caol ag teacht isteach ann. San tsean-aimsear bhí an cuan san lá de sgadánaibh. Bhí lion-tighe 'na gcómhnuidhe i nDunamarc fadó timcheall céad is dathadh blíain ó shoin. Bhí fear ann agus bhí sé pósta le mnaoi a tháinig o'n mBorlin áit atá suidhte do-dheugh míle sior o thuaidh o'n mBeanntraighe.
Bhíodar pósta ar feadh fiche blíain agus má bhí ní raibh aon chlann aca agus bhí brón ortha dá bhárr san mar bhí feirm mhór agus annsan ní raibh aon duine aca féinig chun na feirme a thabhairt dó nuair a bhfuigfidís bás. Bhí an-dúil aige bheith ag íascaireacht agus bhí bád aige leis agus bhí sé ag íascaireacht gach lá nuair a bhí an t-am aige. Níor dhein sé mórán ar an bhfeirm agus "fuaragh" a thug na cómhairsana air sé sin fear a bheadh a prátaí gan baint aige "Oidhche Nodlag". Cad na thaobh a mharbheóchadh sé é féin agus é gan mac ná inghean agus annsan marbeóchadh sé é féin agus beadh toradh na hOibre ag duine eile dá mhuinntir féinig nuair a bheadh sé ag tabhairt an fhéir tar éis cúpla blíadhna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán O Macháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Chaolchoill, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Diarmaid O Seaghdha
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 55
- Gairm bheatha
- Oibrí (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Dún na mBárc, Co. Chorcaí