School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)tinncéir agus do luigh sé ar an leipreachán . Dubhairt an leipreachán leis suidhe ar an mbrat. Do shuigheadar isteach ach ní rabhadar in am, do bhí an tinncéir suas leó. D'éirigh an brat suas san aer ach bhí greim ag an dtinncéir air. Chuaidh sé suas, suas.
Nuair a bhí sé suas tamall mhaith b'éigin don tinncéir leigint do. Chomáineadar leó. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an dtig bhí an brat ag teacht anuas go breágh réidh. Is ansan a chonnaic Pádruig rud a bhain geit as. Bhí a mháthair ag teacht abhaile ó'n gcarraig, ach do tháinig an leipreachán chun cabhruithe leis arís.
Bhí cearc amuich san clós agus do rith sí isteach idir cosa a mháthair agus do leag sí í. Bhí uain ag Pádruig ansan sleamhnughadh isteach tríd an bhfuinneóig agus do chuir sé an brat san áit 'na raibh sé agus tháinig sé amach go dtí an doras féachaint cad a bhí imthighthe ar a mháthair mar d'eadh agus leig sé air gurab' amhlaidh a bhí an doras dúnta aige ar na tinncéirí.
Do mhol an máthair go mór é i dtaobh fanamhaint istigh feadh na h-aimsire go léir. B'éigin do Pádruig fanamhaint a' radharc an tinncéara ar feadh abhfad 'na dhiaidh san agus bhí sé buidheach de'n léipreachán. Lá amháin do chasadh an leipreachán air agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé an ruibe a thabhairt thar n-ais do mar ná beadh a thuille maitheas ann go raibh an oiread céadna tairbhe déanta aige dho agus a dhein seisean de'n leipreachán agus d'fhág sé slán ag Pádruig agus d'imthigh sé.- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female