School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 368

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 368

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 368
  3. XML “Peaid Buí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Do bhí fear ann timcheall caogadh bliadhain ó shoin agus Peadar (?) Buidhe ab' ainm do. Rugadh i mBaile Mhúirne é ach chaith sé alán dá aimsir in Gort le h-Árd i gCiarraighe. B'é an seachtmhadh mac é agus bhí "charms" aige. Lá amháin bhí fear darb' ainm Mícheál Ua Tuama ag obair idtig 'na raibh Peaid, agus bhí sé cráidhte ciapaithe ag teinneas fiacal agus níor fhéad sé a dhínnéar d'ithe, ag piocadh prátaí a bhíodar agus ghlaoidh Peaid Mícheál i leath-taoibh agus do thug sé buideál do go raibh leigheas ann agus chimil Mícheál leis an bhfiacal é agus d'imthig an tinneas glan.
    Bhí Mícheál ana bhuidheach do ach dubhairt Peaid leis gan é a innsint d'aoinne nó ná beadh an buidéal le fághail airís aige. Bhí an buidéal leath lán de stuif éigin agus thóg Mícheál leis abhaile é agus chuir sé i bhfolach i gcúinne an driosúr é n gan fhios d'aoinne agus ní bhfuair sé tinneas fiacal 'na dhiaidh san.
    Cúpla mí 'na dhiaidh san bhí Mícheál ag sgoruidheacht idtig agus bhí buachaill ann agus é cráidhte le tinneas fiacal agus d'fhiafhruig se de Mhichíl an raibh aon leigheas aige air agus dubhair tMícheál go raibh stuif ana-mhaith sa bhaile agus go dtabharfadh sé braonín de dho. Bhí áthas ar an mbuachaill. Nuair a chuaidh Mícheál abhaile an oidhche sin chuaidh sé fé dhéín an driosúr chun an buidéal d'fháhail ach ní raibh se ann. Is ansan a chuimhnig Mícheál ar an rud adubhairt Peaid leis gan é a innsint d'aoinne.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. medical practice
        1. folk medicine (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Tadhg Ua Donncadha
    Gender
    Female