School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Timcheall céad bliadhain ó shoin bhí doctúir Balding ag déanamh an tíghe mhóir thall ar Ghort Átha na Mileadh. B'é Diarmuid ach Séamus duine de's na saoir abhí ag obair aige. Thiar i gCuimín a' Bhruic abhí Diarmuid 'na chómhnuidhe an uair sin ach théigheadh sé abhaile gach tráthnóna Satarainn.Satharn áirithe bhí sé ana fhliuch agus d'eirigh tuile mhór ar abha na Dubhglaise agus níor fhéad Diarmuid dul abhaile. Bhí an sgéal céadna ag tuille de's na fearaibh agus bhí ana sgoruidheacht aca. Pé sgéal é dhein Diarmuid an bhérsa so:-
"Tá an Dubhglais go fairsing ag leathadh ar a chaoltaibh,Is abhaile ní fhéadfaimíd taisteal go fóil,Is fiúntar ár malairt, go nglacfaid ár gcéileDe dheascaibh na céirde seo leanamair óCúinne tíghe feasta ná falla ní dhéanfamGo taitneamh na gréine sa t-Samhradh Nua,Go dtigidh flúirse na seabhach ag taisteal go h-ÉirinnI hallaibh beidh Gaedhil agus gallaibh gan sógha."
Do sgaoil an dochtúir an t-uisge beatha ortha go flúirseach ortha agus bhíodar go maith súgach dóibh féinig ach tá an bhérsa seo de bhárr na tuille againn,- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female