Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 279

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 279

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 279
  3. XML “An Sprid”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhíodh sprid le feiscint thiar in aice le h-Inse-mór ag droichead atá ann. Sprid mná do bhí ann. Nuair a gheobhadh aoinne an treo deireadh sí leo "Cad a dhéanfá le capall go mbeadh marc ar a dhroim"? Ní téigheadh aoinne go raibh a fhios aca mar gheall uirthi in aice na h-áite in-aon-chor mar do mharbhóchádh sí aoinne ná freagróchadh í. An oidhche seo bhí fear ag gabháil thar an droichead agus do chonnaic sé í agus dubhairt sí na focail úd leis ach ní fhéadfadh an fear bocht í a fhreagairt le h-eagla agus do mharbh sí é. An tarna h-oidhce do bhuail fear eile an treo céadna agus do thuit an rud céadna amach.
    An trímhadh oidhche do ghaibh fear thar an droichead agus dubhairt sí leis "Cad dhéanfá le capall go mbeadh marc ar a dhroim"? ach bhí an fear seo maith a dhóthin do mar saghas file ab'eadh é agus dubhairt sé léi "Airiú cad a dhéanfainn leis ach marcach do chur thiar ar a mhuin"."Ó" ar sise leis "táim ana bhuidheach díot táim anso ar feadh bliadhanta anois ag feitheamh go labharfadh duine éigin liom agus níor labhair go dtí anois. Tá mó phíonós déanta agam anois agus táim ag dul go Flaitheas Dé." D'imigh sí as a radharc ansan agus ní fheachathas í ó shoin.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann