School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 278

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 278

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 278
  3. XML “Muintir Thuama agus Muintir Loinghsigh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí Muinntir Thuama agus muinntir Loinghsigh ana mhór le 'na chéile riamh i mBaile-Mhúirne. Ní raibh ach an t-aon saoghal amháin eatortha. Do théigidís ag fiadhach coiníní, agus giorrfaidhthe gach Domhnach, agus pé rud a geobhaidís do roinnfaidís go cothrom eatorra féin iad.
    An Domhnach so do chuadar ag fiadhach mar ba ghnáth agus pé mí-ádh abhí ortha ní bhfuaradar ach aon giorrfhiadh amháin agus nuair a thánadar abhaile ní raibh a fhios aca conus a roinnfidís é. Pé sgéal é do thóg Muinntir Thuama é agus b'shin é a thosnuig an céad rud eatortha. Is cuimhin lem' mháthair nuair a bhí sí ana óg go dtáinig fear isteach cúcha agus bhí a muinéal gearrtha chómh h-olc san go raibh an ceann ag sileadh leis.
    Ní raibh aon dochtúir níos cómhgaraighe ná Maghchromdha an uair sin. Bhí bean 'na chómhnuidhe in aice leo an t-am san agus bhí leanbh beag aici. Chuireadh mo mháthair amach chun na mná san 'á rádh léi teacht isteach agus b'é an gnó abhí aca di ná bainne cíche na mná san a chur leis an muinéal chun é a cheangal le chéile agus do dhein agus do cheangal sé agus do mhair sé ar feadh abhfad 'na dhiaidh san chun díoghaltas a bheith aige ar na daoine a dhein leis e.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. cleachtas an leighis
        1. leigheas dúchasach (~11,815)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúilleabháin
    Gender
    Female