School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Cork
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 400

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 400

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 400
  3. XML “An Fear Bacach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Timcheall a seacht-mógha bliadhain ó shoin is ag muinntir Liatháin abhí an tig tábhairne san áit atá sé ag muinntir Críodáin anois.
    Bhí gaol éigin aca le' shean-athair. Ní raibh 'n agcómhnuidhe ann ach beirt sean-fhear, fear an tábhairne agus fear eile go raibh gaol aige leis. Bhí an fear bacac agus bhí bata aige.
    An oidhche seo bhí an fear bacach imthighthe go Maghchromda ar capall iallait agus bhí an fear eile 'na aonar sa tig. D'iarr sé ar mo shean-athair dul soir chun chodladh in aoin-feacht leis. Chuaidh sé soir. Timcheall a h-aon-dhéág a clog chuadar a chodladh bhí fear an tábhairne ar an dtaobh istig de'n leabaidh in aice na falla.
    I lár na h-oidhche do dhuisig mo shean-athair agus d'airigh sé mar a bheadh fear bacac ag teacht aníos an staigre. D'airigh sé an bata 'á bhualadh ar an staighre. Do h-oscaladh an doras. Tháínig an fear bacac isteach. Tháínig sé chun na leabtan agus d'fhéách sé isteach ar an bhfear. Bhí sé comh bán le sneachtadh. Bhí an fear eile 'na codladh.
    Bhí an fear ag féáchaint air ar feadh abhfad. Bhí mo shean-athair ag baint miotóga as chun é a dhúiseacht ach níor féad sé é. Chuaidh an fear bacac amac an doras arís.
    An oidhche céadna bhí Bean Uí Céílleachair ag níghe éadaighe. Bhí sé ag déanamh amach ar a dó-dhéag a clog. Chuaidh sí amach an doras le h-uisge salach. Do chonnaic sí cómhra
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bean Uí Shúileabháin
    Gender
    Female