School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 355

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 355
  3. XML “An File is A Mhac”
  4. XML (no title)

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí file agus a mhac ag siubhal oidhche réiltíneach. D'oir d'on athair a fhágail amach an raibh filidheacht. Seán ab'ainm de'n buachaill agus ní raibh se ach deich mbliadna d'aois tá's agat. D'fhéach an athair ar an spéir agus dubhairt sé leis an mac "A Sheáin cad iad na soillse beaga iad san shuas san spéir ? ag ceapadh ar nóin go ndéarfadh an buachaill rann éigin filidheachta má bhí se ann d'fheagair an buachaill é mar seo:-
    "Airiú a dhaidí shin puill bioráin ar úrlár na bhFlaitheas ag leigint an t-solas amach." Bhí saghas fearg ar an athair ach mar sin féin dubhairt sé leis féin muna raibh filidheacht ann go raibh sé cliste ar aon chuma.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
  2. (no title)

    Nuair a dearfaí le seanduine "Conus tain tú?" sé an freagra a thugah sé ortha ná:...

    Nuair a dearfaí le seanduine "Conus ta'n tú?" sé an freagra a thugah sé ortha ná:-
    "Táim críonna caithte, is mo cheann ag teacht chun tailimh,
    Agus mo mheádhchaint ar an maide
    agus mo chúl ag eascar,
    Mar a bheadh plannda grafaig
    Idir dhá Céadaoin Earraig."
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish