School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Baile Mhúirne (C.)
- XML Page 267
- XML “Scéilín Grinn”
- XML “Scéilín Grinn”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill glic durb'ainm Diarmuid ua Murchadha i mBaile-Mhúirne timcheall dachad bliadhain ó shoin. Aon lá amháin bhí sé ag piocadh ubhla fiadhaine ar an dtaobh istig d'en claidhe ar bhóthar ghort an Acra agus do bhuail fear an treó agus cheap sé go mbeadh spórt aige ar Dhiarmuid agus dubhairt sé leis mar seo ag magadh fé:-
"Nach fiadhain iad na h-ubhla atá agat 'á phiocadh"
Ach bhí an buachaill maith a dhóithin do agus dubhairt mar seo:-
"Má's fiadhain, nách mín a fhanann siad liom-sa. - Chuaidh Eoghan Ruadh ar chuaird chun file eile timcheall na seachtmadh aoise déag agus oidhche áirighthe bhí an teine ag dul in éag agus dubhairt an file le h-Eoin dul amach ad' iarraidh na móna agus chuaidh agus nuair abhí sé ag teacht thar n-ais
Dubhairt an file:-
"Tá an file seo 'na asal ag tarrach na móna chúghainn."
D'fhreagair Eoghain:-
"Is chun luirgnig an bhacaigh do bhreachadh
'Seadh cheapadh an móin seo ar dtúis."- Informant
- Pádruig Ua Chuill
- Gender
- Male
- Age
- 65
- Occupations
- Feirmeoir
- Saor
- Address
- Na Millíní, Co. Chorcaí