School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)

Location:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Teacher:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 307

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0330, Page 307

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Page 307
  3. XML “Eoghan Rua ag an Stáisiún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí stáisiún i dtigh i mBaile-Mhúirne in aimsir Eoghain Ruadh. Bhí na daoine go léir bailighthe isteach sa tig. Bhí an Sagart tagaithe.
    Bhí an maidean fuar, fluich, gaothmhar. Bhí an sagart 'na shuidhe sa cúinne in aice na teine mar bhí sé fluich agus fuar mar bhí turas fada tabhartha aige ó na thig féin go tig an stáisiún mar is ar capaill a théigheadh na sagairt timpeall an uair sin.
    Níorbh' fhada gur oscail an doras isteach ortha. Tháinig fear isteach. Níor aithin aoinne é. Bheannuig sé dóibh agus do bheannuighdear do.
    Bhí sé 'na lipín baidhte. Shiubhal sé suas agus níor stad sé gur shuidh sé ar an dtaobh shuas d'en sagart sa chúinne. D'fhéach an sagart air go feargach. Bhí cruach móna thíos in aice an doruis.
    Bhí éadaighe strachaithe ar an bfear agus cheap an sagart gur duine ana bhocht é. Dubhairt an sagart leis go raibh sé ana dhána agus dubhair sé leis dul síos agus suidhe ar an móin.
    Níor chuaidh an fear síos. Labair an sagart leis airís. Níor chuir sé aon t-suím ann. Tháinig fear an tíghe cuige agus dubhairt leis dul síos agus suidhe ar an móin mar ná raibh a ndóithin aca agus go gtabharfadh sé féin muga tae dho ar ball.
    D'imthigh an fear síos agus dhein sé an bhéarsa so:-
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Cuill
    Gender
    Male
    Age
    65
    Occupations
    Feirmeoir
    Saor
    Address
    Na Millíní, Co. Chorcaí