Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 334

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 334

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 334
  3. XML “Pádraig agus an Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    tinncéir agus do luigh sé ar an leipreachán . Dubhairt an leipreachán leis suidhe ar an mbrat. Do shuigheadar isteach ach ní rabhadar in am, do bhí an tinncéir suas leó. D'éirigh an brat suas san aer ach bhí greim ag an dtinncéir air. Chuaidh sé suas, suas.
    Nuair a bhí sé suas tamall mhaith b'éigin don tinncéir leigint do. Chomáineadar leó. Nuair a bhíodar ag déanamh ar an dtig bhí an brat ag teacht anuas go breágh réidh. Is ansan a chonnaic Pádruig rud a bhain geit as. Bhí a mháthair ag teacht abhaile ó'n gcarraig, ach do tháinig an leipreachán chun cabhruithe leis arís.
    Bhí cearc amuich san clós agus do rith sí isteach idir cosa a mháthair agus do leag sí í. Bhí uain ag Pádruig ansan sleamhnughadh isteach tríd an bhfuinneóig agus do chuir sé an brat san áit 'na raibh sé agus tháinig sé amach go dtí an doras féachaint cad a bhí imthighthe ar a mháthair mar d'eadh agus leig sé air gurab' amhlaidh a bhí an doras dúnta aige ar na tinncéirí.
    Do mhol an máthair go mór é i dtaobh fanamhaint istigh feadh na h-aimsire go léir. B'éigin do Pádruig fanamhaint a' radharc an tinncéara ar feadh abhfad 'na dhiaidh san agus bhí sé buidheach de'n léipreachán. Lá amháin do chasadh an leipreachán air agus dubhairt sé leis go gcaithfeadh sé an ruibe a thabhairt thar n-ais do mar ná beadh a thuille maitheas ann go raibh an oiread céadna tairbhe déanta aige dho agus a dhein seisean de'n leipreachán agus d'fhág sé slán ag Pádruig agus d'imthigh sé.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann