School: Baile Mhúirne (C.) (roll number 15347)
- Location:
- Baile Bhuirne, Co. Cork
- Teacher: Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhí buachaill ann uair darb' ainm do Pádruig. Ní raibh aon muirghean eile ag a athair agus a mháthair agus peata mór ab'eadh é. Rógaire ab'eadh é leis. Ní théigheadh sé ar scoil ach go h-ana mhinich. Ní raibh aon mhaith ann chun foghluma agus deireadh sé leis féin "Má théighim ar scoil indiu, marbhóchfar mé mar gheall ar mo ceachtanna agus is fearr bualadh amháin a fhághail i gcóir an dá rud ná bualadh a fhághail gach lá.
An lá so bhí sé socair aige gan dul ar scoil. Bhí áit deas 'na aigne aige chun dul ag fiadhach coiníní. Cheap a athair is a mháthair go mbíodh sé ar scoil gach lá mar do thógadh sé a mhála leis ach nuair a bhíodh sé tamall ó bhaile chuireadh sé an mála i bhfolach san claidhe. An lá so do chuir sé an mála i bhfolach mar ba ghnáth agus d'imthigh sé leis fé dhéin na h-áite 'na raibh na coiníní.
Lá breágh ab'eadh é agus bhí an grian ana the. Bhí tuirse ar Pádruig tar-éis rith suas agus luig sé ar an bhféar. Do chonnaic sé rud éigin ag spréacharnaig san ngréin síos uaidh. Chuaidh sé fé na dhéin agus cad abhí ann ach crúdh beag óir. Chuir sé 'na phócha é. Ar ball nuair a fhéach sé síos airís chonnaic sé rud éigin mar choinín.
Chuaidh sé síos agus cad abhí ann ach leipreachán. Tháinig Pádruig ar an dtaobh thiar de go réidh agus bhí sé ag(continues on next page)- Informant
- Siobhán Bean Uí Luasaigh
- Gender
- Female