Scoil: Baile Mhúirne (C.) (uimhir rolla 15347)

Suíomh:
Baile Bhuirne, Co. Chorcaí
Múinteoir:
Eibhlín Bean Uí Bhuachalla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 327

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0330, Leathanach 327

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Baile Mhúirne (C.)
  2. XML Leathanach 327
  3. XML “Pádraig agus an Leipreachán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí buachaill ann uair darb' ainm do Pádruig. Ní raibh aon muirghean eile ag a athair agus a mháthair agus peata mór ab'eadh é. Rógaire ab'eadh é leis. Ní théigheadh sé ar scoil ach go h-ana mhinich. Ní raibh aon mhaith ann chun foghluma agus deireadh sé leis féin "Má théighim ar scoil indiu, marbhóchfar mé mar gheall ar mo ceachtanna agus is fearr bualadh amháin a fhághail i gcóir an dá rud ná bualadh a fhághail gach lá.
    An lá so bhí sé socair aige gan dul ar scoil. Bhí áit deas 'na aigne aige chun dul ag fiadhach coiníní. Cheap a athair is a mháthair go mbíodh sé ar scoil gach lá mar do thógadh sé a mhála leis ach nuair a bhíodh sé tamall ó bhaile chuireadh sé an mála i bhfolach san claidhe. An lá so do chuir sé an mála i bhfolach mar ba ghnáth agus d'imthigh sé leis fé dhéin na h-áite 'na raibh na coiníní.
    Lá breágh ab'eadh é agus bhí an grian ana the. Bhí tuirse ar Pádruig tar-éis rith suas agus luig sé ar an bhféar. Do chonnaic sé rud éigin ag spréacharnaig san ngréin síos uaidh. Chuaidh sé fé na dhéin agus cad abhí ann ach crúdh beag óir. Chuir sé 'na phócha é. Ar ball nuair a fhéach sé síos airís chonnaic sé rud éigin mar choinín.
    Chuaidh sé síos agus cad abhí ann ach leipreachán. Tháinig Pádruig ar an dtaobh thiar de go réidh agus bhí sé ag
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. leipreacháin (~1,007)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Siobhán Bean Uí Luasaigh
    Inscne
    Baineann