School: Clochar na Trócaire, Inistíomáin (roll number 16359)

Location:
Ennistimon, Co. Clare
Teacher:
An tSiúr Teresita
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0621, Page 025

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0621, Page 025

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Inistíomáin
  2. XML Page 025
  3. XML “An Scéal a Bhogadh”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Chuaidh fear ó'n bparóiste ar faoisdine an lá fé dheire. Déis na ngáh-cheistiona d'fhreagairt. D'fhiafruigh an sagart de cad do dhein sé as slighe ó shoin.
    "A athair," ar sé " do ghoideas súgán."
    "Súgán" ars an sagart; "Shuarachas é sin; is dócha nar bhfiú puinn é. Cad eile dheinis?"
    "A athair" ar sé "bhí muc ceangailte de'n téid úd."
    "A reascail beitheamhnaig," ars an sagart, "cad chuige nar innis é sin an céad uair?"
    "Dar fiadh" a athair ar sé, "cheapas gur mhór an ní dhom an sgéal a bhogad dhom féin ar dtúis."

    An duine a thug an t-eolas dom.
    Bean Uí hAodhagáin, Bóthar Nua, Inisdíomáin
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. verbal arts (~1,483)
        1. jokes (~6,086)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Nic Aodhagáin
    Gender
    Female
    Address
    Ennistimon, Co. Clare
    Informant
    Bean Uí hAodhagáin
    Gender
    Female
    Address
    Ennistimon, Co. Clare