School: Dubhlinn (B.), Inis (roll number 4870)
- Location:
- Doolin, Co. Clare
- Teacher: Tadhg Ó Seasnáin
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Trathnóna amháin bhí Micil a'Mhaidhc ag iascaireacht thíos sa Dréimre agus bhí sé déanach san oidhce.
Nuair a bhí sé ag dul trí talamh "Jer Conole" chuala sé ceól agus rinnce agus d'fhéac sé in a thimcheall agus chonnnaic sé tigh breágh agus bhuail sé isteach agus níor aithin sé aoinne a bhí istigh.
Bhuail sé síos go dtí an ceoltóir a bhí ins gcúinne agus bhí concertína aige agus concertína nuadh ba eadh é.
Bhí ceann aca ag Micil a' Mhaidhc sa bhaile agus bhí sé ag gabháíl amhráin agus bhí an amhrán sin ag Micil agus dubhairt sé "Níor chas tú é sin i gceart"
Munar chas, ar sé, cas tú féin é agus nuair a thóg sé in a láimh é d'imthigh an teach agus gach rud a bhí ann.
Cá bhfuair sé é féin act istigh i Loch Leamach insan uisge go dtí a dhá glúin.Seamus de Longe
Cronogort
Dubhlinn
Co. An Chláir
Sríobhadh an scéal ó
innsint a athar
Mícheál de Longe (56 bliana)
Cronogort
Dubhlinn- Collector
- Seamus De Longe
- Gender
- Male
- Address
- Cronagort West, Co. Clare
- Informant
- Mícheál De Longe
- Relation
- Parent
- Gender
- Male
- Age
- 56
- Address
- Cronagort West, Co. Clare