School: Dubhlinn (B.), Inis (roll number 4870)

Location:
Doolin, Co. Clare
Teacher:
Tadhg Ó Seasnáin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0617, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Dubhlinn (B.), Inis
  2. XML Page 047
  3. XML “Nósa na Samhna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. 47
    Nósa na Samhna
    Fadó bhíodh a lán cleasanna dá n-imirt ach Oidhche Samhna. An oidhche roiman oidhchesan do dheineadh bean an tíg císte ubla do cuireadh si fáinne, mearcáin agus real ann.
    An té a gheobhadh an fáinne deirtí gurb é is tuisge a phósfadh agus an té a geobadh an mearcáin deirtí go bpósfadh le táilúir i agus an té geóbadh an an réal deirtí go mbeadhsé saidhbhir ar feadh a shaoghail.
    Deirtí leis go mba oidhche ana sídheamhal í Oidhche Samhna agus gurb é an oidhche san a bhíodh na daoine maithe ag aistreamhadh ó áit go h-áit agus níorbh maith le h-éinne beith amuigh déanach an oidhche san.
    Do chuireadh na daoine fadó pónaire le h-ais na teine agus ar gach dá pónaire do cuireadh siad ainm lanama óg agus dá bhfanfadh na pónairí le céile deirtí go bpósfadh an lanama san ach is minic a imtheóghadh na ponairí ó céile le teas na teine agus annsan deirtí nách bhpósfadh an lánamha san go deó.
    Tomas Ó Gríobhtha,
    Baile Uí Bheára,
    Dubhlinn.
    Diarmuid Ó Gríobhtha,
    Dubhlinn.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
        1. Halloween (~934)
    Language
    Irish
    Collector
    Tomás O Gríobhta
    Gender
    Male
    Address
    Ballyvara, Co. Clare
    Informant
    Diarmuid O Gríobhtha
    Gender
    Male
    Address
    Doolin, Co. Clare