School: Baile Choitín (B.) (roll number 16109)
- Location:
- Ballycotton, Co. Cork
- Teacher: Liam Ó Rignigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- 'Sé Naomh Colmáin naomh Patrúin an cheanntair seo. Chuir sé eaglais ar bun i gClúain. Níl an eaglais le feiscint anois.
Deireann na seandaoine gur thóg Naomh Colmáin an túr atá i gCluain in aon oidhche amháin, míle agus ceithre céad bliadhain ó shoin. Go moch ar maidin nuair d'eirig seana-bhean thug sí fé ndeara an túr agus Colmán ar a bhárr ag obair. Ní dúbairt sé "Bail ó Dhia ar an obair". Bhí fearg ar Colmán agus do léim sé go dtí Lorg- áit atá suidte míle ó Chlúain. Deirtear go raibh piast[?] a luirge ar an áit.
Núair a bíonn na buacaillí ag dul fé láimh Easboig tógann siad an ainm "Colmán". Cuireadh Colmán i gClúain. Is é 24adh lá de Shamhna lá Naomh Colmáin. Ní lá Saoire é.
Tá tobar beag beannuithe trí míle ó Chluain i lár na páirce. Teigheann daoine ann lá 'le Colmáin.- Collector
- Tomás Ó Rignigh
- Gender
- Male
- Informant
- Bean Uí Rignigh
- Gender
- Female