School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)
- Location:
- Kinsale, Co. Cork
- Teacher: An tSr. De Pazzi
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)uisge fé láthair. Uidh ar n-uidh do thuit an t-achar úd agus do chlúdaig an fhairrge é.
Bhí an fhairrge ag brúgadh isteach agus ag meilt na gcarraig gur deárnadh na cuanta bréaghtha atá i ndeisceart na hÉireann indiu. Ceann díobh seo 'seadh cuan Chionn t-Sáile, cuan, bréagh, lúbtha fairsing ina bhfuil togha agus rogha fothana agus foscaidh. Tá slighe ann do luingeas iascarachta, soithigh tráchtála agus báid, agus tagann foth-ghalthán o'n Mór Roinn isteach ann, ach cuan mor igcóir long-chogaidh b'eadh é in allód. Deir Annála Cionn t-Sáile (Caulfiela) ná fuil cuan níos fearr ná níos fosgamhla le fághail ná é, agus gur féidir leis na longa is mó agus is truime teacht fad théid' luinge ó'n dtráigh. An "Tiarna Orrery" ag sgríobhadh chun Tiarna Urmhumhan, 1666, deir sé go bhfuil sé "ar na chuantaibh is uaisle san Eoraip."- Collector
- Máire Ní Dhonnbháin
- Gender
- Female
- Address
- Kinsale, Co. Cork