School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile (roll number 4572)

Location:
Kinsale, Co. Cork
Teacher:
An tSr. De Pazzi
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 013

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0320, Page 013

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Ceann tSáile
  2. XML Page 013
  3. XML “An Fathach ó Éirinn”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhé Pádruig Mac Coitir an fear ab' airde dar mháir sa tír seo riamh. I gCionn t-Sáile a rugadh é sa bhliadhain 1760. I dtosac a shaoghail bhí sé ar nós aon bhuachalla eile. Ach nuair a bhí sé timceall seacht mbliadhna deag d'aois tháinig athrú air. An t-am san chuireadh ag obair é mar phríntíseac ag saor cloice. Tamall 'na dhiaidh sin buaileadh breoidhthe é. An fiabhras a tháinig air. An fhaid is a bhí se 'na luighe d'fhás sé cómh mór san gurb éigin an plannc a bhí ag cos na leabhthan adhmaid do ghearradh cun slighe do dhéanamh dá chosaibh. Do bhí sé ag fás leis go dtí go raibh ocht dtroighte is seacht n-orlaigh aoirde ann agus é in aois a naoi mbliadhna déag. Is mó eachtra greannmhar atá i mbéalabh na ndaoine fós i dtaobh an Fhir Mhoir iongantaigh seo, mar shompla
    Ag gabhail tré lár Sráide an Mhargaidh do, dfhéadfadh sé cimilt leis na tigthe ar gach taobh de gan aon duadh ach a dhá láimh do shíneadh amach uaidh, bhí sé com mhór leathan san. Uair éigin eile thagadh sgannradh ar an bhfear bhfaire san oidhche, nuair a chífeadh sé an fathach agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
        1. giants (~518)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Bhuachalla
    Gender
    Female