Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)

Suíomh:
Kilmackowen, Co. Cork
Múinteoir:
Domhnall Ó Hurdail
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0276, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Daoine Cáiliúla - Fir Láidre”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí athair mo sheana athar ana laidir ar fad. Sé an aimn a bhí air ná Pártolán Mac Amhlaibh. Bhí sé in a chómhnuidhe i gClais leath mhile on sgoil seo. Do thuit an sgeal so amac tímceall seactmhadh bliadhna o shoin. Nuair ná raibh aon bothar ag dul suas go dtí Clais, níor raibh aon cár ábhalta ar dul suas go dtí an áit sin. Bhí ar na sean-daoine na malaí mine, na malaí plúr agus alán ualaighe troma mar sin a thógaint suas go dtí Clais. Lá dá raibh mo sheana-athair i Bailechaisleáin do thóg sé mála plúr ón chrois atá ar an dtaobh shiar de'n sgoil seo suas go Clais agus thóg sé dhá cloch meadhchain de plúr donn ar an láimh eile. Tá Clais timceall ceatharmhadh mile ó'n sgoil. Do thóg sé na málai plúr suas an staighre. Níor leig sé a scíth ar thaobh an bhóthair in aon chor nuair a bhí sé ag iompar na málaí. Lá amháin bhí mo sheana athair go Dhádhrom[?] Bhí capall agus truchaill aige Bhí sé deanac sa tráthnóna nuair a bhí sé ag teacht abhaile. Bhí fear eile in
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. agents (~1)
      1. historical persons (~5,068)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Páidrigín Nic Amhlaibh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Eyeries, Co. Cork
    Faisnéiseoir
    Micheál Mac Amhlaibh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    56
    Seoladh
    Eyeries, Co. Cork