Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)
- Suíomh:
- Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
- XML Leathanach 051
- XML “Rinceoirí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 1.
Bhí athair mo shean-athar ana mhaith cun rinnce do dheanamh. Do bhíodh sé ag rinnce gach lá aonaig ar an gcearnóig i mBaileChaisleáin, agus do bhíodh na rinnceóri cáileamhla as gach árd i mBéara ann aleis. Do bhíodh árdán aca, agus is ann a dheanadh síad an rinnce.
Do bhíodh airde gach rinnceóra ann, agus do bhíodh sías ag bualadh bas, agus ghá moladh. Gach lá comórtis do gheibheadh athair mo seanathar an craobh. Ní geibheadh síad duas ná airgead na bonn ann, ach do théigeadh síad isteach i dtig táibhrne, agus do gheibheadh síad go leór uisge beatha ó'n a gcardaibh, agus do bhíodh síad ar meisge ag teacht abhaile an tráthnóna, agus ag deanamh amhrán ó's árd. Do chloisfeá go soiléir íad ar bhar an chnuic, agus íad ag teacht abhaile ó'n aonach ar mbhothar mór.- Bailitheoir
- Caitlín Ní Áinle
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Bán Ard, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Áinle
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 57
- Seoladh
- An Bán Ard, Co. Chorcaí