Scoil: Cill Mhic Eoghain (uimhir rolla 9848)
- Suíomh:
- Cill Mhic Eoghain, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Domhnall Ó Hurdail
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cill Mhic Eoghain
- XML Leathanach 060
- XML “Longbhriseadh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Longbhriseadh
“I Mí na Samhna ab'eadh é, agus bhí na daoine ó béalachrabháin ag íascaireacht amuigh sa bhfairrge.”
I Mí na Samhna ab'eadh é, agus bhí na daoine ó Béalachrabháin ag íascaireacht amuigh sa bhfairrge. Sa bhlían 1918 ab'eadh é. Nuair a bhí na báid ag teacht isteach ar maidin thosnuigheadar ag rás le'n a chéile. Nuair a bhíodar ag teacht isteach ar an dtaobh thíar de Chíllcatíarainn do chuaidh an bád suas ar bhuilig, agus d'iompuig sí, agus do thuit na daoine go léir amach san uisge. Bhí sé fir sa bhád, ach bhí ceann acu sábháilte. Rug sé greim ar maide rámha, agus dá bhrígh sin d'fhan sé ar bhárr an uisge go dtí gur tháinig cabhair cuige. Mhair sé an feadh tamaill agus bhí sé ábalta ar an sgéal go léir d'innsint do gach aoinne.
Bhí na cúig fir eile báidhte agus ní raibh na daoine ábalta ar íad d'fhághail. Fuair a dtuismuightheóirí dhá thúmadóir annsann agus nuair a chuaidh na túmadóirí síos, ní raibh aon chorp le fághail. Tar éis trí nó ceithre seachtmhaine bhí duine síos inaice an chéibh agus chonnaich sé ceithre cuirpeanna(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Dónal Ó h-Áinle
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Bán Ard, Co. Chorcaí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó h-Áinle
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 50
- Seoladh
- An Bán Ard, Co. Chorcaí