School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)

Location:
Dursey Island, Co. Cork
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 032

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 032

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Page 032
  3. XML “An Coileach a Fuair Bás ag Cosaint an Tí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí aintín le Nóra Ní Dhuinneacha ar aimsir thiar i dTigh Lice Finne i dTig na Lice (an tig ó’n a bhfuair an bhaile an ainm). Seana Thadg na Cásca agus a bhean a bhí in a gcomhnuidhe ann. An oidhche so bhíodar araon imthighthe go dtí Baile Chaisleáin Bhéara ar an aonach, agus bhí a h-aintín Biddy in a h-aonar i bhfeidhil an tighe ach amháin go raibh leanbh óg sa chliabhán. (B’é an leanbh a bhí ann ná an Seán Mór úd a bhí thuas sa Calf Rock nuair a leagadh an tig soluis i bhfad na dhiadh san). Uair éigin i dtosach na hoidhche do thosuaig an coilleach a glaodhach ar a dhícheall. Bhí sé ó’n dorus thuaidh go dtí an doras theas agus ní stadadh sé in aochor i lár an tighe, agus é a glaodhach agus a glaodhach. Tháinig sgannradh ar Bhiddy bhocht agus do sgiob sí léi an leanbh anáirde ’n staighre agus isteach sa leabhaidh léi. Níor tháinig an tseana lánamha isteach ó’n aonach an oídhche sin mar ní rabhthas ábalta iad a thabhairt isteach
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Gender
    Female
    Address
    Kilmichael, Co. Cork