Scoil: Oileán Baoi (Dursey) (uimhir rolla 13138)
- Suíomh:
- Oileán Baoi, Co. Chorcaí
- Múinteoir: Eoghan Ó Súilleabháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí aintín le Nóra Ní Dhuinneacha ar aimsir thiar i dTigh Lice Finne i dTig na Lice (an tig ó’n a bhfuair an bhaile an ainm). Seana Thadg na Cásca agus a bhean a bhí in a gcomhnuidhe ann. An oidhche so bhíodar araon imthighthe go dtí Baile Chaisleáin Bhéara ar an aonach, agus bhí a h-aintín Biddy in a h-aonar i bhfeidhil an tighe ach amháin go raibh leanbh óg sa chliabhán. (B’é an leanbh a bhí ann ná an Seán Mór úd a bhí thuas sa Calf Rock nuair a leagadh an tig soluis i bhfad na dhiadh san). Uair éigin i dtosach na hoidhche do thosuaig an coilleach a glaodhach ar a dhícheall. Bhí sé ó’n dorus thuaidh go dtí an doras theas agus ní stadadh sé in aochor i lár an tighe, agus é a glaodhach agus a glaodhach. Tháinig sgannradh ar Bhiddy bhocht agus do sgiob sí léi an leanbh anáirde ’n staighre agus isteach sa leabhaidh léi. Níor tháinig an tseana lánamha isteach ó’n aonach an oídhche sin mar ní rabhthas ábalta iad a thabhairt isteach(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Bailitheoir
- Nóra Ní Dhuinneacha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Mhichíl, Co. Chorcaí