School: Oileán Baoi (Dursey) (roll number 13138)

Location:
Dursey Island, Co. Cork
Teacher:
Eoghan Ó Súilleabháin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 001

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0274, Page 001

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Oileán Baoi (Dursey)
  2. XML Page 001
  3. XML “Clochán Uí Chrónacháin”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ar an dtaobh thuaidh de'n oileán seo,
    beagáinín siar ó Fhaill Chunnais, tá
    cárnán cloch ann agus Clochán Uí Chrónacháin a tugtar air. Do réir an tseanchuis tá bosca óir i bhfollach in áit éigin idir an clochán san agus Faill Chunnais. Níl aon tuairisc aca ar conus
    mar a tháinig sé ann. Tá an áit breacaithe le leaca agus ní fios d'aoinne cia 'n leac a bhfuil an stór fuithi.
    Pé 'r domhan é bhí an fear seo ag aodhaireacht bó in aice na h-áite an lá seo. Is dócha gur airigh sé an sgéal mar gheall ar an ór agus bhí sé a pócáil tímpal len a mhaide ag iompódh na leac féachaint a mbeadh sé de ráth air go n'aimseochadh sé é. San obair dó cad deirir ná gur iompuig sé an leac so áirighthe agus istig fé chonnaic sé an bosca óir. Bhí sé díreach a cromadh anuas chun é d'ardú leis, nuair a thug sé súil-fhéachaint éigin ar na buaibh agus cá rabhdar ach ar bhruaich na faille agus baoghal go n-imtheochaidís síos le fánaidh isteach sa bhfairrge. Le sin do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Location
    Dursey Island, Co. Cork
    Informant
    Nóra Ní Dhuinneacha
    Gender
    Female
    Age
    73
    Address
    Kilmichael, Co. Cork