School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Location:
- Killarney, Co. Kerry
- Teacher: Na Siúracha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- XML Page 075
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)fear. “Alright ach ní fada a coiméadfair an siothcháin airís.” Chuireadar díobh. Casadh isteach i dtig ana bhreágh iad. “Tá ana-droch bhalcuis éadaig ort” arsa fear an tighe. “Tá, ach níl aon leigheas agam air” arsan fear. “Ná bach san. Tá culaith agam agus tabhairfaidh mé duit é.” “Thug sé a ndinnéar chúca annsan. Dubhairt sé leo “aire a thabhairt do’n dtig go raghaidís amach é féin agus bean an tighe ag báilcéaracht dóibh féin.
“Is féidir leat bheith ag féachaint ar fúd an tighe agus gach aon rud is maith leat ach ná prioceadh aon rud go gcóróchfá an bhabhla atá ar an mbord. “Ní gá duit é sin a rádh liom” ar seisean. “Beidh fhios againn é” arsa fear an tighe. D’imtigh sé féin agus a bhean annsan. Bhíodar ag féachaint ar na pictiúirí, agus na rudaí eile a bhí ann ach ní raibh sí sásta. Nuair a bhí sí cortha ó bheith ag féachaint ar an tighe, cad a dhein sí ach an babhla do thógain in áirde. Dubhairt fear léithe gan baint leis in aon-chor. Ní bheadh sí sásta go dtí go dtógfadh sí in áirde an babhla ó’n bpláta. Cómh luath is thóg sí in áirde é, do léim an luch a bhí istigh amach ar an úrlár. Súid na dhiaidh na luiche a bhí fé. Do bhí sgéul fúar aici. Bhí an luch istigh sa pholl sar a bhféadfadh sé teacht(continues on next page)- Informant
- Pádraig Ua Suilleabháin
- Gender
- Male
- Address
- Killarney, Co. Kerry