School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Location:
Killarney, Co. Kerry
Teacher:
Na Siúracha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 074

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0456, Page 074

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Page 074
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Sgéul
    Fear bocht agus a bhean a bhí ag siubhal rómpha ag bailiú déirce. Dubhairt an bhean leis go raghaidís ag bailiú ubh agus nuair a chuirfidís ag gor na h-uibhe go ndíolfaidís na cearcha annsan agus go gceannóchfaidís feirm talmhan. “Cad a cuirfeadh stoch duit air?” ars’an fear. “Díolfaidh mé an féar a bheidh air” ar sise “agus spárálfaimíd suas gach aon phinginn.” Bhíodar ag bailiú rómpa – aon áit go bhfaighidís cúpla ubh, do thógfaidís iad. Bhíodar á’ mbailiú isteach an stoca ach bhí ana dhúil i ngal tobac aici, agus dubhairt sí leis an bhfear go cóimreóchaidís na h-uibhe, féachaint an mbeadh fíacha d'únsa tobac. Taisbeán i leith iad go gcoimreóchaidh iad.” Comhairig sé na h-uibhe ach do rug an fear ar an stoca agus bhuail sé isteach sa phus í leis:- “Ní bheidh san ná súd anois againn” ar sise. “Is maith an sgéul é mar is fada atá tú á thuilleamh.” D’imthigh sé uaithe annsan agus straidhn air. “Tabhair-sé
    do bhóthair ort agus tabhairfadh-sa mo bhóthar orm.” Chuireadar dóibh annsan – d’imthigh duine acu soir agus duine acu síar. Bhuaileadar le chéile i gcionn coighthidheas airís. “Tá sé chómh maith againn gan a bheith ag coiméad na h-oibre seo súas níos sía” arsan
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Pádraig Ua Suilleabháin
    Gender
    Male
    Address
    Killarney, Co. Kerry